Baineann an t-ardán comhairliúcháin arb é an “t-ardán” dá dtagraítear anseo é, úsáid as fianáin. Is comhaid bheaga téacs iad fianáin a mbaineann suíomhanna gréasáin leas astu chun taithí úsáideora a éascú.
Luaitear sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí go bhféadfaimid fianáin a stóráil ar do ghléas má bhíonn siad bunriachtanach d’fheidhmiú an ardáin. Ní mór dúinn cead a fháil uait maidir le fianáin de chineál ar bith eile.
Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh ghréasáin seo, tugann tú cead dúinn fianáin riachtanacha a stóráil.
Úsáideann an t-ardán seo cineálacha éagsúla fianán atá liostaithe thíos mar aon lena bhfeidhm. Is féidir leat diúltú d’fhianáin nach bhfuil riachtanach d’fheidhmiú an ardáin. Mura mian leat na fianáin riachtanacha a úsáid, beidh ort gan an t-ardán a úsáid.
Is féidir leat roghnú ag am ar bith glacadh le fianáin neamhriachtanacha nó diúltú dóibh ach cliceáil ar na roghanna sna Socruithe Príobháideachais.
Tá tuilleadh eolais fúinn féin, faoin gcaoi ar féidir teagmháil a dhéanamh linn nó faoin gcaoi a bpróiseálaimid sonraí pearsanta le fáil inár mBeartas Príobháideachais.
Na cineálacha fianán a úsáidimid
Tá dhá chineál fianán á n-úsáid ag an ardán: fianáin riachtanacha agus fianáin staitistiúla.
Is fianáin seisiúin iad na fianáin riachtanacha, a chiallaíonn nach maireann siad go seasmhach ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach. Baintear leas as fianáin seisiúin chun bunfheidhmeanna suímh ghréasáin a sholáthar agus tú á úsáid. De ghnáth, scriostar fianáin seisiúin nuair a dhúnann tú an brabhsálaí.
Fianáin riachtanacha
Cuireann fianáin riachtanacha ar chumas an tsuímh ghréasáin bunfheidhmeanna a sholáthar don úsáideor, mar shampla naisc a leanúint nó teacht a fháil ar chodanna slána den suíomh. Ní fheidhmíonn an suíomh gréasáin i gceart gan na fianáin sin.
|
Ainm |
Soláthraí | Cuspóir | Cineál |
|---|---|---|---|
|
Fianáin seisiúin dar tús ‘SSESS’ |
|
Caomhnaíonn siad staid an úsáideora ar fud na leathanach a iarrtar. Ní bhailíonn siad aon fhaisnéis phearsanta. |
Fianán HTTP |
|
has_js |
|
Stórálann sé faisnéis faoi cé acu an bhfuil Javascript cumasaithe ar bhrábhsálaí an úsáideora nó nach bhfuil. |
Fianán HTTP |
|
cookie-agreed |
|
Coimeádann sé cead an úsáideora maidir le glacadh le fianáin. |
Fianán HTTP |
|
Mtv1Pulse |
|
Úsáidtear na fianáin seo chun an suíomh Gréasáin a shlánú ó róbónna gan iarraidh agus ó scripteanna uathoibrithe agus chun cabhrú le húsáideoirí daonna a fhíorú. Bailíonn na fianáin seo cumraíocht bhrabhsálaí agus giuirléidí. Ní rianaíonn na fianáin seo daoine aonair agus ní bhailíonn nó ní stórálann siad faisnéis inaitheanta phearsanta. Féach Beartas Príobháideachta Breiseán MTCaptcha |
|
Ní úsáideann an t-ardán seo fianáin le haghaidh margaíochta. Baintear leas as fianáin margaíochta chun cuairteoirí a rianú ó shuíomh gréasáin amháin go suíomh gréasáin eile.
26-03-2026