Comhairliúchán Réamhdréacht Poiblí roimh an RSES - Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha

Oscailte26 Már, 2026, 10:00 - 22 Bea, 2026, 17:00

Paipear um Shaincheisteanna Straiteiseacha - Grafach Eolais

 

Fáilte romhat chuig an leathanach comhairliúcháin do Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.

Táimid ag an gcéim is luaithe den athbhreithniú ar an Straitéis Spásúil agus Eacnamaíoch Réigiúnach (RSES) agus táimid ag iarraidh ionchuir ó phobail, ó pháirtithe leasmhara agus ó pháirtithe uile a bhfuil spéis acu ann maidir le todhchaí ár réigiúin. Beidh do chuid aiseolais ina chuidiú le hullmhú dréacht-RSES nua a mhúnlú lena dtacaítear le forbairt shóisialta, timpeallachta agus eacnamaíoch inbhuanaithe do chách.

Is straitéis spásúil agus eacnamaíoch í an RSES don réigiún lena dtreoraítear áit a mbeidh daoine ina gcónaí, ag obair, ag staidéar agus ar cuairt sa todhchaí. Tacaíonn sí leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus beartais agus cuspóirí an Rialtais a chur i bhfeidhm, agus ón taobh sin de, cuireann sí creat fadtéarma ar fáil le haghaidh ár spásanna uirbeacha agus tuaithe, an bonneagar, iompar, gníomhaíocht eacnamaíoch agus ár dtimpeallacht a fhorbairt ar bhonn comhordaithe ar fud an réigiúin. Agus sin á dhéanamh aici, cuirtear riachtanais, dúshláin, deiseanna agus brúnna atá roimh an réigiún san áireamh trí fhreagairtí beartais iomchuí a chur ar fáil.

D’fhonn tacú leis an gcomhairliúchán sin, tá Páipéar um Shaincheisteanna Straitéiseacha ar fáil faoin gcuid “Ábhair”. Sa pháipéar sin, déantar achoimre ar na buncheisteanna atá roimh an réigiún agus tá sraith ceisteanna ann le cuidiú le do fhreagairt a threorú.

Do chuid Aiseolais

Tá do thuairimí tábhachtach, agus molaimid thú chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán sin. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ón 26 Márta 2026 go dtí 5in an 22 Bealtaine 2026.

Conas Aighneacht a Dhéanamh

Ní mór aighneachtaí agus tuairimí i scríbhinn a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5in an 22 Bealtaine 2026.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh mar a leanas:

          NÓ

  • Sa phost chuig Athbhreithniú RSES, Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, 3ú hUrlár Thuaidh, Ionad Cathartha Bhaile Munna, An Phríomhshráid, Baile Munna, Baile Átha Cliath, D09 C8P5

Tabhair faoi deara nach féidir aighneachtaí déanacha a chur san áireamh. Níor cheart aighneachtaí a dhéanamh ach in aon fhormáid amháin, ar líne NÓ i gcruachóip arna seoladh sa phost.

 

File is downloading...

Aighneachtaí

Téamaí

Daoine agus Áiteanna
Caighdeán na Beatha agus Áiteanna Sláintiúla
Nascacht agus Bonneagar
Timpeallacht agus Aeráid
Pleanáil Spásúil na Mara agus Bainistíocht Chrios an Chósta
Fuinneamh In-athnuaite Réigiúnach
Forbairt Eacnamaíoch agus Fostaíocht
Plean Straitéiseach an Limistéir Chathrach do Bhaile Átha Cliath
Cur i bhFeidhm RSES agus Monatóireacht
Measúnacht Timpeallachta
Ginearálta
Glac síntiús